FÉILE CHRÍOST RÍ A

Sliocht as leabhar Ezekiel fáidh – 34:11-12, 15-17

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuardóigh mé fhéin mo chuid caoire agus coinneoidh mé súil orthu. Mar a choinníonn an tréadaí súil ar a chuid caoire agus iad thart timpeall air, coinneoidh mise súil ar mo chuid caoire fhéin. Tabharfaidh mé ar ais slán sábháilte iad as chuile áit ar scaipeadh iad sa gceo agus sa dorchadas. Tabharfaidh mé fhéin aire do mo chuid caoire agus tabharfaidh mé áit dóibh le luí ann. Gabhfaidh mé i ndiaidh aon chaora atá ar iarradh, agus tabharfaidh mé ar ais aon cheann atá ar strae; cuirfidh mé ceirt ar aon cheann atá gearrtha, agus cóir mhaith ar aon cheann atá lag. Breathnóidh mé i ndiaidh aon chaora atá ramhar agus atá ag déanamh go maith, agus cuirfidh mé bail cheart orthu. Maidir libhse, a thréad liom, a deir an Tiarna Dia: tabharfaidh mé breithiúnas idir chaora agus caora eile, idir reithí agus gabhair.

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Coirintigh – 15:20-26, 28

A chairde mo chléibh, tá Críost tógtha ó na mairbh, an chéad duine dhíobh sin uileag ar thit a gcodladh orthu. Tháinig an bás trí aon duine amháin, agus ar an gcaoi chéanna tá aiséirí na marbh tagtha trí aon duine amháin. Díreach mar a fhaigheann chuile dhuine bás i bpáirt le Ádhamh, déanfar chuile dhuine beo i bpáirt le Críost, iad uileag ina seal fhéin, Críost ar dtús agus, nuair a thiocfaidh sé, chuile dhuine atá i bpáirt leis. Ansin tiocfaidh an deire, nuair a thabharfaidh sé an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó chuile chumhacht, tiarnas agus údarás a chur ar ceal. Mar ní foláir 

do Chríost bheith i gceannas nó go mbeidh na naimhde uileag curtha faoi chois. Sé an bás an namhaid deire atá le scriosadh. Agus nuair a bheidh chuile shórt curtha faoi smacht Chríost, ansin gabhfaidh an Mac é fhéin faoi smacht Dé, an Té a thug ceannas dó ar an uile ní, agus ar mbealach sin beidh Dia ós cionn a bhfuil ann.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 25:31-46

Dúirt Íosa lena dheisceabail: ‘Nuair a thiocfaidh Mac an Duine agus é faoi ghlóire, agus na h-aingle uileag in éineacht leis, suífidh sé ar a chathaoir ríoga ghlórmhar. Beidh na náisiúin uileag cruinnithe os a chomhair, agus scarfaidh sé na daoine ó chéile, mar a scarann an tréadaí na caoire ó na gabhair. Cuirfidh sé na caoire ar thaobh na láimhe deise, agus na gabhair ar an taobh clé. Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise, “Tagaigí, sibhse atá beannaithe ag m-Athair, glacaigí seilbh ar an ríocht atá réitithe daoibh ó thús an tsaoil. Mar bhí ocras orm agus thug sibh rud le n-ithe dom, bhí tart orm agus thug sibh deoch dom, bhí mé i mo strainséir agus chuir sibh fáilte romham, bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus thug sibh aire dom, bhí mé sa bpríosún agus thug sibh cuairt orm.” Ansin freagróidh na daoine a mhair ceart é, “A Thiarna, cén uair a chonaic muid ocras ort agus gur thug muid rud le n-ithe duit, nó tart agus gur thug muid deoch duit? Agus cén uair a chonaic muid i do strainséir thú agus gur chuir muid fáilte romhat, nó nocht agus gur chuir muid éadach ort? Agus cén uair a chonaic muid tinn thú, nó sa bpríosún, agus gur thug muid cuairt ort?” Agus freagróidh an rí iad, “Go deimhin fhéin, a deirim libh, sa méid go ndearna sibh é d’aon-duine acu seo atá ar an gcuid is lú de mo mhuintir, rinne sibh domsa é.” Ansin déarfaidh sé leo seo ar a láimh chlé, “Imigí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a fritheadh faoi réir don diabhal agus á chuid aingle. Mar bhí ocras orm, agus níor thug sibh aon cheo le n-ithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon deoch dom, bhí mé i mo strainséir agus níor chuir sibh aon fháilte romham, nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, tinn agus sa bpríosún agus níor 

tháinig sibh ar cuairt chugam.” Ansin freagróidh siadsan iad fhéin, “A Thiarna, cén uair a chonaic muid ocras ort nó tart nó i do strainséir nó nocht nó tinn nó sa bpríosún, agus nár bhreathnaigh muid amach duit?” Ansin 

freagróidh seisean iad, “Go deimhin fhéin, a deirim libh, sa méid nach ndearna sibh é d’aon-duine den chuid is lú dhíobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach an oiread.” Agus imeoidh siad leo go dtí pionós síoraí, ach an dream a mhair ceart go dtí saol síoraí.’

Soisceál Dé