AN TRÍÚ DOMHNACH DÉAG IS FICHE SAOR A
Bean mhaith – cá bhfuil sí le fáil?
Is mó go mór is fiú í ná péarlaí.
Tá muinín ag a fear aisti,
ní bheidh aon easpa air dá barr.
Is sochar, agus ní dochar, a dhéanfaidh sí dhó
chuile lá dhá saol.
Téann sí ag cuartú olann agus líon,
níl uaithi ach bheith ag obair lena lámha.
Bíonn an coigeal idir lámha aici,
bíonn láimh aici ar an bhfearsaid.
Tá sí thar cionn do na boicht,
tugann sí síneadh láimhe don té atá ar an nganntan.
Bíonn cluain ag baint le scéimh, agus ní sheasann an áilleacht,
ach an bhean a bhfuil ómós aici don Tiarna, sin í atá le moladh.
Bíodh a cuid fhéin aici de gach a bhfuil saothraithe aici,
agus bíodh a cuid oibre á moladh ag geataí an bhaile.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Teasalónaigh – 5:1-6
Maidir leis an lá agus an uair, níl aon chall tada a scríobh chugaibh i ngeall air. Mar tá fhios agaibh go rí-mhaith go dtiocfaidh Lá an Tiarna ar nós gadaí san oíche. Nuair a bhíonn siad ag rá, ‘Tá chuile shórt ceart’, ansin tiocfaidh tubaiste gan cuimhne ar bith, mar a thagann tinneas ar bhean atá ag súil le páiste, agus ní bheidh aon dul as. Ach, a chairde mo chléibh, ní sa dorchadas atá sibhse, le go dtiocfadh an lá sin i nganfhios oraibh ar nós gadaí; mar is sibh clann an tsolais agus clann an lae, chuile dhuine agaibh; ní den oíche muid, ná den dorchadas. Ná titeadh muid inár gcodladh, mar sin, ar nós tuilleadh, ach fanadh muid inár ndúiseacht agus staidéarach.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 25:14-30
D’inis Íosa an fáthscéal seo dá dheisceabail: ‘Tá ríocht Dé cosúil le fear a bhí ag dul i bhfad ó bhaile; ghlaoigh sé ar a chuid seirbhísigh agus thug sé dóibh gach a raibh aige le breathnú ina dhiaidh; thug sé chúig thalann do dhuine amháin, péire do dhuine eile, ceann do dhuine eile, de réir mar bhíodar ábalta. D’imigh sé ansin. An té a fuair na chúig thalann, d’imigh sé ar an bpointe agus chuir sé ag obair iad, agus rinne sé chúig thalann eile. Ar an gcaoi chéanna, an té a fuair an dá thalann, rinne sé péire eile. Ach an té a fuair an t-aon talann amháin, d’imigh sé agus thochail sé poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. Tar éis achar fada tháinig máistir na seirbhísigh sin agus chuaigh sé ag socrú na gcuntaisí leo. Ansin an té a fuair na chúig thalann, tháinig sé agus chúig thalann lena chois sin aige, ag rá, “A mháistir, thug tú chúig thalann dom; seo chúig thalann eile a rinne mé.” Dúirt a mháistir leis, “Go h-an-mhaith; is seirbhíseach maith thú agus tá tú in trust; ó spáin tú go raibh tú dílis i mbeagán rudaí, cuirfidh mé ós cionn go leor rudaí thú; tar agus bíodh páirt agat sa saol deas atá ag do mháistir.” Agus tháinig fear an dá thalann ansin, ag rá, “A mháistir, thug tú dhá thalann dom; seo péire eile a rinne mé.” Dúirt a mháistir leis, “Go h-an-mhaith; is seirbhíseach maith thú, agus tá tú in trust; ó spáin tú go raibh tú dílis i mbeagán rudaí, cuirfidh mé ós cionn go leor rudaí thú; tar agus bíodh páirt agat sa saol deas atá ag do mháistir.” Ansin, an té a fuair an t-aon talann amháin, tháinig sé fhéin, ag rá, “A mháistir, bhí fhios agam gur fear géar a bhí ionat, ag baint an fhómhair san áit nár chuir tú agus ag bailiú san áit nár chroith tú aon síol; bhí faitíos orm dá bharr sin, agus chuaigh mé agus chuir mé do thalann i bhfolach sa talamh. Seo duit ar ais do chuid fhéin.” Ach d’fhreagair a mháistir, “A dhroch-sheirbhísigh leisciúil, bhí fhios agat, an raibh fhios, go mbainim fómhar san áit nár chuir mé, agus go mbailím san áit nár chroith mé síol? Ba cheart duit mar sin mo chuid airgid a chur ag obair le baincéirí, agus nuair a thiocfainn, gheobhainn mo chuid fhéin ar ais chomh maith le brabach. Bainigí de an talann agus tugaigí do fhear na ndeich dtalann é. Mar iad seo a bhfuil aon cheo acu, tabharfar tuilleadh dóibh, agus beidh neart acu; ach iad seo nach bhfuil tada acu, an méid atá acu fhéin bainfear díobh é. Maidir leis an seirbhíseach seo nach bhfuil maith ar bith leis, caithigí amach sa dorchadas é, áit a mbeidh caoineadh agus gíoscán fiacla.”’
Soisceál Dé

