An Dara Domhnach Déag is Fiche Saor A

Sliocht as leabhar na h-Eagna – 6:12-16

Tá an tuiscint mar bheadh solas nach féidir a mhúchadh. 

Dóibh seo ar gean leo í, is furasta í thabhairt faoi deara, 

agus tá fáil uirthi acu seo atá ar a tóir. 

Gan moill ar bith cuireann sí í fhéin in aithne dóibh seo a bhfuil dúil acu inti. 

Ní bheidh aon stró ar an té a éiríonn moch á cuartú, 

mar beidh sí le fáil aige ina suí ag a gheata. 

Bheith ag cuimhneamh uirthi – níl ciall go dtí é, 

agus an té atá san airdeall uirthi, is gearr a bheidh aon imní air, 

mar bíonn sí fhéin ag dul thart ar thóir daoine a bhfaighidh sí a díol iontu. 

Spáineann sí í fhéin dóibh ar a mbealach, 

téann sí faoi na ndéin agus iad ag déanamh a smaointe.

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Teasalónaigh – 4:13-18

A chairde mo chléibh, níor mhaith linn gan sibh a bheith ar an eolas faoi na mairbh, le nach mbeadh sibh á gcaoineadh mar a bhíonn daoine eile nach bhfuil aon dóchas acu. Mar creideann muide go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé arís, agus beidh sé mar a chéile ag na daoine a fuair bás i bpáirt le Íosa: tabharfaidh Dia leis iad. Tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna é fhéin: an chuid againn a mhairfidh beo nó go dtiocfaidh 

an Tiarna, ní bheidh buntáiste ar bith againn orthu seo a bheidh básaithe. Mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ard-aingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna é fhéin anuas ó neamh, agus na mairbh a fuair bás i gCríost, éireoidh siad ar dtús. Ansin, an chuid againn a bheidh fós beo, ardófar suas muid sna néalta in éineacht leo le castáil leis an Tiarna sa spéir agus, mar sin, beidh muid in éineacht leis an Tiarna go deo. Bígí ag tabhairt misneach dá chéile, mar sin, le caint den t-sórt seo

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 25:1-13

D’inis Íosa an fáthscéal seo dá dheisceabail: ‘Beidh ríocht na bhflaitheas an uair sin ar nós deichniúr cailíní óga a bhí ag seasamh le bean a bhí ag pósadh. Thug na cailíní leo a gcuid lampaí agus chuadar faoi dhéin na lánúine. Bhí cúigear acu ar bheagán céille agus an cúigear eile ciallmhar; mar, nuair a thug an dream díchéillí leo a gcuid lampaí níor thugadar ola ar bith leo; ach thug an dream ciallmhar prócaí ola leo i dteannta leis na lampaí. Bhí moill ar an lánúin, agus tháinig sámhán codlata orthu uileag agus thiteadar ina gcodladh. Ach ar uair an mheán-oíche airíodh glaoch, “Tá an lánúin ar fáil! Amachaigí libh faoina ndéin!” Ansin d’éirigh na cailíní óga uileag agus fuair siad a gcuid lampaí faoi réir. Dúirt an dream díchéillí leis an dream ciallmhar, “Tugaigí dúinn cuid den ola atá agaibh, mar tá na lampaí s’againne ag dul as.” Ach d’fhreagair an dream ciallmhar, “Ní bheadh ár ndóthain ann do chaon dream againn; b’fhearr daoibhse dul chuig an siopa agus braon a cheannacht daoibh fhéin.” Agus nuair a bhíodar imithe á ceannacht, tháinig an lánúin, agus iad seo a bhí faoi réir chuaigh siad isteach in éindigh leo chuig féasta na bainise, agus dúnadh an doras. Tamall ina dhiaidh sin tháinig na cailíní óga eile iad fhéin, ag rá, “A dhuine uasail, oscail an doras dúinn.” Ach d’fhreagair an fear a phós, “Go deimhin fhéin,” a deir sé, “níl fhios agam cé sibh fhéin.” Bígí san airdeall, mar sin, mar níl fhios agaibh an lá ná an uair.’

Soisceál Dé