Sliocht as leabhar Exodus – 22:20-26
Dúirt an Tiarna le Maois: ‘Abair é seo le clann Israel: “Ná déanaigí éagóir ná leatrom ar aon strainséir atá ag cónaí san áit, mar bhí sibh fhéin in bhur strainséirí i dtír na hÉigipte. Ná déanaigí aon cheo ar bhaintreach ná ar dhílleachta; má dhéanann, nuair a ghlaofaidh siad ormsa is cinnte go dtabharfaidh mé cluas dóibh; lasfaidh mo chuid feirge agus maróidh mé sibh leis an gclaimhe, agus déanfar baintreacha de bhur mná fhéin agus dílleachtaí de bhur gclann.
Má thugann sibh iasacht airgid do mo mhuintir-sa, na daoine bochta atá in bhur measc, ná bígí ar nós lucht gaimbín leo agus ná bainigí aon ghaimbín amach díobh.
Má thugann sibh libh an phluid atá ag an gcomharsa in aghaidh an chúnamh airgid a thug sibh dhó, tugaigí ar ais í roimh dhul faoi na gréine; mar b’fhéidir nach bhfuil aige ach í le cur os a chionn agus cén chaoi a bhféadfaidh sé codladh á h-uireasa? Agus má ghlaonn bhur gcomharsa ormsa, tabharfaidh mé cluas dó, mar tá mé lán le trua.”’
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Teasalónaigh – 1:5-10
A chairde mo chléibh, chonaic sibh fhéin an chaoi ar mhair muide an fhad a bhí muid in bhur measc. Ba ar mhaithe libhse é sin, agus spreag sé sibh le aithris a dhéanamh orainne agus ar an Tiarna. Cé go bhfuair sibh splíontaíocht mar gheall air, ghlac sibh lenár dteachtaireacht go ríméadach le grásta an Spioraid Naoimh,
sa gcaoi go raibh sibh in bhur sampla do lucht an chreidimh uileag i Macedonia agus in Acaía. Is uaibhse a scaip teachtaireacht Dé, agus ní i Macedonia agus Acaía amháin ach i chuile áit a bhfuil tuairisc faighte ar bhur gcreideamh i nDia. Níl aon chall dúinne tada a rá faoi, mar tá na daoine iad fhéin ag cur síos ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus ar an gcaoi ar iompaigh sibh go dtí Dia ó dhéithe bréige le seirbhís a dhéanamh don fhíor-Dhia beo, agus sibh ag fanacht nó go dtiocfaidh a Mhac as na flaithis, an Mac a thóg sé ó mhairbh, Íosa, a thugann slán muid ón díoltas atá le teacht.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 22:34-40
Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág Íosa focal ag na Saidiúsaigh, chruinníodar le chéile, agus duine acu a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air á thríáil: ‘A Mháistir, cén aithne is mó le rá sa dlí?’ Dúirt Íosa leis, ‘“Gráigh do Thiarna Dia ó do chroí uileag agus ó d’anam uileag agus ó d’intinn uileag.” Seo í an aithne is mó agus an chéad aithne. Agus tá an dara ceann ann atá cosúil léi, “Gráigh do chomharsa mar thú fhéin.” Is ar an dá aithne seo atá an dlí uileag agus na fáithe ag brath.’
Soisceál Dé

