An Naoiú Domhnach Fichead Saor A

Sliocht as leabhar Isaiah fáidh – 45:1, 4-6

Seo mar a deir an Tiarna le Syrus, ar chuir sé a ola naofa air, agus ar rug sé ar láimh dheas air le go gcuirfeadh sé smacht ar na náisiúin dó, le na gcuid éadaí breátha a bhaint de ríthe, leis na doirse a oscailt dó – agus ní dhúnfar na geataí níos mó: 

‘Is ar son Jacob, mo sheirbhíseach, 

agus Israel, atá tofa agam, 

a ghlaoigh mé ort as d’ainm, 

agus a thug mé gradam duit cé nach bhfuil aon aithne agat orm. 

Is mise an Tiarna, níl aon Tiarna eile ann, 

níl aon Dia eile ann ach mé. 

Cé nach bhfuil aon aithne agat orm, tá mé do do armáil, 

le go mbeidh fhios acu, ó éirí go dul faoi na gréine, 

nach bhfuil ann ach mé.

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Teasalónaigh – 1:1-5

Pól, Silvanus agus Timótéus ag beannú do phobal Teasalanica a chreideann i nDia an tAthair agus sa Tiarna Íosa Críost: grásta chugaibh agus síocháin. 

Bíonn muid i gcónaí ag tabhairt buíochas do Dhia i ngeall oraibh uileag agus ag cuimhneamh oraibh inár gcuid paidreacha. Bíonn muid ag cuimhneamh i gcónaí os comhair Dé, ár nAthair, ar an gcaoi a gcleachtann sibh bhur gcreideamh, ar an gcaoi a saothraíonn sibh an grá agus ar chomh daingean atá bhur ndóchas inár dTiarna Íosa Críost. Mar tá fhios againn, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha, sibhse a bhfuil an oiread cion ag Dia oraibh, gur phioc sé amach sibh; mar ní le caint amháin a tháinig teachtaireacht an tSoiscéil uainn chugaibh ach le cumhacht agus leis an Spiorad Naomh agus le lán-chinnteacht.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 22:15-21

Chuaigh na Fairisínigh agus rinneadar amach bealach le breith ar Íosa ina chuid cainte, agus chuir siad a gcuid deisceabail fhéin chuige, chomh maith le lucht leanúna Herod, á rá, ‘A Mháistir, tá fhios againn go bhfuil tú dháiríre, agus go múineann tú bealach Dé de réir na fírinne, gan beann agat ar aonduine ná fabhar agat do dhaoine thar a chéile. Inis dúinn, mar sin, céard do bharúil. Bhfuil sé ceart cáin a íoc le Caesar nó nach bhfuil?’ Ach dúirt Íosa, agus fios maith aige ar a gcuid mailíse, ‘Tuige a bhfuil sibh ag cur trap orm, sibh fhéin agus bhur gcráifeacht bhréige? Spáinigí píosa airgid dom a n-íoctar an cháin leis.’ Agus thugadar déanar chuige. Ansin dúirt sé leo, ‘Cén cloigeann é seo, agus cén t-ainm?’ D’fhreagair siad, ‘Caesar.’ Ansin dúirt sé leo, ‘Tugaigí do Caesar, mar sin, na rudaí is le Caesar, agus do Dhia na rudaí is le Dia.’

Soisceál Dé