Sliocht as leabhar Isaiah fáidh – 5:1-7
Tá mé ag dul ag rá amhrán don té a bhfuil mé mór leis, amhrán faoina gharraí fíniúna. Bhí garraí fíniúna ag an té a bhfuil mé mór leis ar chnocán talaimh maith. Chart sé é agus ghlan sé na clocha de, agus chuir sé togha na bhfíniúna ann; rinne sé áit do fhear faire ina lár, agus thochail sé áit le h-aghaidh dabhach; bhí sé ag súil le an-toradh, ach ba sméara searbha an toradh a bhí air. Agus anois, sibhse atá ag cónaí i Jerusalem agus sibhse a mhuintir Judah, céard bhur mbarúil chomh fada is a bhaineann sé liomsa agus mo gharraí fíniúna? Céard eile a d’fhéadfainn a dhéanamh do mo gharraí fíniúna nár rinne mé? Nuair a bhí mé ag súil le sméara fíona, tuige nár thug sé uaidh ach sméara a bhí searbh? Agus anois inseoidh mé daoibh céard atá mé ag dul ag déanamh le mo gharraí fíniúna. Leagfaidh mé an claí agus beifear ag siúl air. Déanfaidh mé fásach de; ní choinneofar bearrtha ná curtha é, agus beidh sé faoi sceacha agus faoi dhriseacha. Agus déarfaidh mé leis na néalta gan aon bháisteach a ligean anuas air. Mar sé teallach Israel garraí fíniúna Thiarna na Slua, agus muintir Judah na plandaí breátha a chuir sé. Bhí sé ag súil le cothrom na féinne a bheith ann, ach ní fhaca sé ach dórtadh fola; leis an gceart, ach níor chuala sé ach caoineadh.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as litir N. Pól chuig na Filipigh – 4:6-9
Ná bíodh imní oraibh faoi thada, ach cé ar bith céard a bhíonn ag teastáil iarraigí ar Dhia é le guive agus le buíochas. Ansin beidh síocháin Dé, nach féidir a thuiscint, ag gardáil bhur gcroí agus bhur n-intinn in Íosa Críost. Agus ar deire thiar thall, a chairde mo chléibh, bíodh bhur n-intinn ar an rud atá fírinneach, an rud atá uasal, an rud atá cóir, an rud atá glan, an rud atá go deas, an rud atá fiúntach, an rud atá ar fheabhas. Coinnigí oraibh ag déanamh de réir mar a d’fhoghlaim sibh agus mar a fuair sibh uaimse, agus de réir mar a chuala sibh fúm nó mar a chonaic sibh fhéin, agus beidh Dia na síochána libh.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 21: 33-43
Dúirt Íosa leis na príomh-shagairt agus le ceannairí an phobail, ‘Éistigí le fáthscéal eile. Bhí fear ann a raibh talamh aige agus phlandáil sé garraí fíniúna, chuir sé fál leis, thochail sé áit le h-aghaidh dabhach ann, agus rinne sé áit do lucht faire. Ansin thug sé ar cíos é do thionóntaí, agus d’imigh leis go dtí tír eile. Nuair a tháinig aimsir bhaint an fhómhair, chuir sé seirbhísí go dtí na tionóntaí leis an toradh a bhí ag dul dó a fháil. Ach rug na tionóntaí ar na seirbhísí agus bhuail siad duine acu, mharaigh siad duine eile, agus chuaigh siad in éadan duine eile le clocha. Ansin chuir sé seirbhísí eile chucu, níos mó ná cheana arís, ach thug siad an íde chéanna orthusan. Faoi dheire chuir sé a mhac chucu, mar dúirt sé leis fhéin, “Beidh ómós acu do mo mhac.” Ach nuair a chonaic na tionóntaí an mac, dúirt siad leo fhéin, “Seo é an té a bhfuil an áit fágtha aige; fágaí seo, maraíodh muid é agus bíodh an áit againn fhéin.” Agus rug siad air, chaith siad amach as an ngarraí fíniúna é, agus mharaigh siad é. Anois nuair a thiocfaidh úinéir an gharraí fíniúna, céard a dhéanfaidh sé leis na tionóntaí sin?’ Dúirt siad leis, ‘Tabharfaidh sé droch-bhás ar na bithiúnaigh sin, agus ligfidh sé an garraí fíniúna le tionóntaí eile a thabharfaidh an toradh dhó in aimsir an fhómhair.’ Dúirt Íosa leo, ‘Nár léigh sibh riamh sna scríbhinní naofa:
“An chloch ar chuir na saoir suas di,
rinneadh cloch chúinne di;
obair an Tiarna é seo,
agus is iontas é le feiceáil?”
Tá mise ag rá libhse, mar sin, bainfear ríocht Dé díbh, agus tabharfar é do phobal a thabharfaidh uatha torthaí na ríochta.’
Soisceál Dé

