An Dara Domhnach Fichead Saor A

Sliocht as leabhar Jeremiah fáidh – 20:7-9

Ó a Thiarna, chuir tú cluain orm, agus bhí mé meallta; fuair tú an ceann is fearr orm, ní raibh aon ghoir agam ort. Tá mé i mo cheap magaidh ar feadh an lae, bíonn chuile dhuine ag magadh fúm. Níl uair dá labhraím nach gcaithim glaoch amach as ard mo chinn: ‘Éigean agus scrios!’ Mar tá briathar an Tiarna ina údar masla agus magaidh dom ó mhaidin go faoin. Má abraim, ‘Ní labhróidh mé air, ní abróidh mé aon cheo ina ainm níos mó’, ansin bíonn mar a bheadh tine trí lasadh istigh ionam, cuibhrithe istigh i mo chnámha; tá mé tuirseach á choinneáil istigh, tá sé ag cinnt orm.

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh – 12:1-2

A chairde mo chléibh, tá mé ag iarradh oraibh, as ucht trócaire Dé, bhur gcolainn a thabhairt i láthair Dé mar íobairt bheo, naofa a thaitneoidh le Dia, ós sin é an t-ómós spioradálta is córa daoibh. Ná leanaigí bealaí an tsaoil seo, ach athraigí béasa ó bheith ag smaoineamh ar bhealach nua ar fad. Ar an gcaoi sin, tuigfidh sibh céard is toil le Dia – an rud atá go maith, a bhfuil glacadh leis agus a bhfuil barr naofachta aige

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 16:21-27

Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag cur ar a súile dá dheisceabail nár bhfoláir dó dul go Jerusalem agus go leor spídiúlachta a fháil ó na cinn feadhain agus na príomh-shagairt agus na scríobhaithe, agus go gcuirfí chun báis é, agus go dtógfaí ó mhairbh é ar an treas lá. Agus thug Peadar i leataobh é agus thosaigh sé ag cur ceartú air. ‘Nár lige Dia, a Thiarna, go dtarlódh sé sin go deo duit!’ a deir sé. Ach d’iompaigh seisean agus dúirt sé le Peadar, ‘Gabh taobh thiar díom, a Shátain! Sé an chaoi a bhfuil tú ag cur bac orm; mar ní de réir bhealaí Dé atá d’intinn ach de réir bhealaí daonna.’ 

Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail, ‘Más le daoine bheith ar mo lucht leanúna, cuiridís suas dóibh fhéin agus tógaidís suas a gcrois agus leanaidís mé. Mar iad seo atá ag iarradh a saol a shábháil, caillfidh siad é, agus iad seo a chaillfidh a saol ar mo shon-sa, gheobhaidh siad é. Mar cén mhaith dóibh an domhan mór a ghnóthachtáil agus a saol fhéin a bheith caillte acu? Nó céard a thabharfaidh siad mar mhalairt ar a saol? Mar tá Mac an Duine le teacht lena chuid aingle i nglóire a Athar, agus ansin cúiteoidh sé le chuile dhuine de réir mar a bheidh déanta.’

Soisceál Dé