Sliocht as leabhar Isaiah fáidh – 55:10-11.
Seo mar a deir an Tiarna: Mar a thagann báisteach agus sneachta anuas as na spéartha agus nach dtéann suasarís gan an talamh a bheith fliuchta acu, ag cur bachlóga agus barr air, ag tabhair síol don síoladóir agus arán le n-ithe, sin é an chaoi a bhfuil an briathar a théann amach as mo bhéal-sa: ní thiocfaidh sé ar ais folamh go dtí mé, ach déanfaidh sé a bhfuil ar intinn agam, agus éireoidh leis san méid a thug mé dó le déanamh.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh – 8:18-23
A chairde mo chléibh, sé mo thuairim nach fiú caint ar phianta an ama i láthair le h-ais na glóire a bhfuil léargas le fáil againn uirthi. Mar tá gach a bhfuil cruthaithe ar bís ag fanacht nó go mbeidh léargas faighte ar chlann Dé. Cuireadh an chruthaíocht ó mhaith, agus gan aon neart aici fhéin air, i ngeall ar an té a chuir ó mhaith í. Ach bhí súil i gcónaí go scaoilfí an chruthaíocht saor ón ngreim a bhí ag an droch-rath uirthi, agus go mbeadh páirt aice i saoirse ghlórmhar chlann Dé. Tá fhios againn go raibh an chruthaíocht uileag ag osnaíl go dtí seo, mar bheadh sí ag tabhairt páiste ar an saol. Agus ní h-í an chruthaíocht amháin ach muide, muid fhéin, atá ar an gcéad toradh ar an Spiorad, tá muid ag osnaíl inár gcroí istigh agus muid ag fanacht go ndéanfar clann Dé dínn agus go mbeidh ár gcolainn ligthe saor.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 13:1-23
Chuaigh Íosa amach as an teach agus shuigh sé síos ar cholbha an locha. Chruinnigh sluaite chomh mór sin thart timpeall air go ndeachaigh sé isteach sa mbád agus gur shuigh sé inti, agus an slua daoine uileag ina seasamh ar an gcladach. Agus d’inis sé go leor rudaí dóibh i bhfáthscéalta.
Dúirt sé: ‘Chuaigh síoladóir amach ag cur. Agus an síol á chroitheadh aige, thit cuid den ghráinne ar an gcosán agus tháinig na h-éanacha agus d’ith siad é. Thit tuilleadh de ar leacracha, áit nach raibh mórán créafóige, agus d’fhás sé aníos gan moill ar bith ó tharla nach raibh aon doimhneacht ann dó; ach nuair a d’éirigh an ghrian loisceadh é agus d’imigh sé as cheal rútaí. Thit tuilleadh den ghráinne sna sceacha, agus d’fhás na driseacha agus phlúch siad é. Thit cuid eile den ghráinne ar thalamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh céadach cuid de, faoi sheasca cuid de, faoi thríocha cuid de. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!’ Soisceál Dé
(Deire an leagan gearr)
Tháinig na deisceabail chuige agus d’fhiafraíodar de: ‘Cén fáth gur i bhfáthscéalta atá tú ag labhairt leo?’ D’fhreagair sé, ‘Tá sé tugtha daoibhse eolas a chur ar bhealaí rúnda ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibhsean. Mar an té a mbíonn aige, tabharfar tuilleadh dó agus beidh fuílleach aige; ach an té nach bhfuil tada aige, bainfear de fiú a bhfuil aige. Sé an fáth a bhfuil mé ag labhairt leo i bhfáthscéalta mar go mbíonn siad ag breathnú gan aon cheo a fheiceáil, agus ag éisteacht gan aon cheo a chloisteáil ná a thuiscint. Go deimhin, tá tairngreacht Isaiah tagtha isteach fíor iontu:
“Éistfidh sibh, ceart go leor, ach ní thuigfidh sibh,
agus breathnóidh sibh ach ní fheicfidh sibh.
Mar tá croí an phobail seo faighte dúr,
agus tá a gcuid cluasa bodhar,
agus tá a gcuid súile dúnta acu;
sa gcaoi nach mbreathnóidís lena gcuid súile,
agus nach n-éistfidís lena gcuid cluasa,
agus nach dtuigfidís lena gcroí
agus iompú nó go gcneasaínn iad.”
Ach is beannaithe iad bhur gcuid súile-semar feiceann siad, agus bhur gcuid cluasa mar cloiseann siad. Tá mé ag rá libh, bhí go leor fáithe agus daoine naofa ag tnúthán a bhfeiceann sibh a fheiceáil, ach ní fhaca, agus a gcloiseann sibh a chloisteáil, ach níor chuala. Éistigí, mar sin, le fáthscéal an tsíoladóra. Nuair a chloiseann duine briathar na ríochta gan é a thuiscint, tagann An Mac Mallachtan agus sciobann sé an rud a cuireadh sa gcroí; seo é an síol a cuireadh ar an gcosán. Maidir leis an síol a cuireadh ar na leacracha, seo é an té a chloiseann an briathar agus a ghlacann leis ar an bpointe le ríméad; ach níl aon rútaí ag a leithéid de dhuine, ní sheasann sé ach tamall, agus an dá luaithe a éiríonn trioblóid nó spídiúlacht i ngeall ar an mbriathar, cliseann sé ar an bpointe. Maidir leis an síol a cuireadh ins na driseacha, seo é an té a chloiseann an briathar, ach plúchann imní an tsaoil agus cluain an rachmais an briathar agus ní thugann sé toradh ar bith. Ach maidir leis an síol a cuireadh san talamh maith, seo é an té a chloiseann an briathar agus a bhaineann brí as agus, go deimhin fhéin, a thugann toradh, i gcás amháin toradh céadach, i gcás eile faoi sheasca, agus i gcás eile faoi thríocha.’
Soisceál Dé

