An Ceathrú Domhnach Déag Saor A

Sliocht as leabhar Zacaria fáidh – 9:9-10.

Seo mar a deir an Tiarna:

Bí lán le ríméad, a iníon Zion!

Bí ag glaoch ós ard, a iníon Jerusalem!

Breathnaigh, tá do rí ag teacht chugat;

tá sé gnóiteach, tá sé faoi réim,

é umhal agus ag marcaíocht ar asal,

ar bhromach, ar shearrach asail.

Gheobhaidh sé réidh leis an gcarbad as Efraim

agus leis na caiple cogaidh as Jerusalem;

gearrfaidh sé an bogha cogaidh

agus ordóidh sé síocháin do na náisiúin.

Beidh ceannas aige ó fharraige go farraige, ón Abhainn Mhór go dtí colbha an domhain.

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh – 8:9, 11-13

A chairde mo chléibh, níl de réir an tsaoil atá sibh-se ag maireachtáil ach san Spiorad, ós rud é go bhfuil Spiorad Dé ag cónaí ionaibh.  Má tá Spiorad an Té sin a thóg Críost ó na mairbh ag cónaí ionaibh, an té a thóg Críost ó na mairbh   –   bhur gcolainn í fhéin, ar dual di an bás, déanfaidh Sé beo í trína Spiorad atá ag cónaí ionaibh.  Mar sin, a chairde cléibh, níl aon fhiacha orainn maireachtáil de réir an duine saolta, mar má mhaireann sibh de réir bhealaí an duine saolta, caillfear sibh. Ach má mharaíonn sibh, leis an Spiorad, droch-bhealaí an duine saolta, mairfidh sibh.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 11:25-30

San am sin dúirt Íosa, ‘Tá mé buíoch díot, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, mar gur chuir tú i bhfolach na rudaí seo ar dhaoine cliste agus éirimiúla, agus gur inis tú do na gasúir bheaga iad.  Sea, a Athair, mar b’shin é ba mhaith leat.  Tá chuile shórt tugtha domsa ag m-Athair.  Agus níl aithne ag aonduine ar an Mac ach amháin ag an Athair; agus níl aithne ag aonduine ar an Athair ach amháin ag an Mac agus ag an té a bhfuil an Mac sásta é inseacht dó.  Tagaigí chugam, sibhse uileag atá tuirseach agus atá ag iompar ualaí troma, agus tabharfaidh mé scíth daoibh.  Cuirigí oraibh mo shrathair agus foghlaimigí uaim, mar tá mé cineálta agus íseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh scíth do bhur n-anam.  Mar tá mo shrathair éasca le n-iompar, agus m-ualach éadrom.’

Soisceál Dé