Sliocht as Gníomhartha na nAspal – 6:1-7
Timpeall an ama sin, nuair a bhí méadú ag teacht ar an méid deisceabail a bhí ann, rinne na Gréigigh casaoid in aghaidh na nEabhraigh mar go raibh faillí á dhéanamh ar a gcuid baintreachaí fhéin nuair a bhíodh rud le n-ithe á thabhairt amach chuile lá. Ghlaoigh an dáréag ar chomhluadar uileag na ndeisceabal agus dúradar: ‘Níl sé ceart againne faillí a dhéanamh i mbriathar Dé le bheith ag freastal ag boird. Mar sin, a chairde, roghnaigí as bhur measc fhéin seachtar fear measúla, lán leis an Spiorad Naomh agus le críonnacht, a bheidh muid in ann a cheapadh i gcóir na h-oibre seo, agus díreoidh muide ar an urnaí agus ar bheith ag freastal ar an mbriathar.’ Thaitnigh an méid a dúirt siad leis an gcomhluadar ar fad, agus thogh siad Stiofán, fear a bhí lán le creideamh agus leis an Spiorad Naomh, agus Filip, Procarus, Nicanor, Tímón, Parmenas, chomh maith le Nioclás a d-iompaigh leo in Antioc. Thug siad ós comhair na nAspal iad, agus rinne siadsan guive ar a son agus leagadar a lámha orthu. Agus tháinig fás faoi Bhriathar Dé agus tháinig méadú mór ar an méid deisceabal a bhí i Jerusalem, agus d’iompaigh go leor de na sagairt freisin agus bhíodar umhal don chreideamh.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as céad litir Naomh Peadar – 2:4-9
A chlann ó, sé an Tiarna an chloch bheo ar chuir daoine suas dó, ach ar rogha agus ar gean le Dia é. Teannaigí leis agus bígí mar bheadh clocha beo á dtógáil ina dteach spioradálta, sagartacht naofa ag ofráil íobairtí spioradálta is gean le Dia trí Íosa Críost.
Tá sé ráite sna scríbhinní naofa:
‘Féach, tá mé ag leagan síos i Zion
cloch chúinne atá tofa agus nach bhfuil fhios céard is fiú í;
agus an té a chreidfidh inti ní bheidh údar aiféala aige.’
Mar sin, údar dóchais é daoibhse a bhfuil an creideamh agaibh, ach dóibh seo nach bhfuil,
‘An chloch ar chuir na saoir suas di
rinneadh an chéad chloch coirnéil di.’
Agus
‘Is cloch í a bhainfidh tuisle astu,
carraig a thabharfaidh anuas iad.’ Baintear tuisle astu mar nach mbíonn siad umhal don Bhriathar, agus b’shin é a bhí i ndán dóibh. Ach sibhse, is cine tofa sibh, sagartacht ríoga agus náisiún naofa, pobal Dé fhéin, le go mbeadh sibh ag fógairt na rudaí iontacha a rinne an Té sin a ghlaoigh amach as an dorchadas oraibh go dtí na sholas iontach fhéin.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin – 14:1-12
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
‘Ná bíodh buairt ar bhur gcroí;
creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa freisin.
Is iomaí áras i dteach m’athar.
Mara mbeadh, an mbeadh sé ráite agam libh
go bhfuil mé ag dul ag fáil áit faoi réir daoibh?
Agus má théim agus áit a fháil faoi réir daoibh,
tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé chugam féin sibh,
sa gcaoi san áit a mbeidh mise
go mbeidh sibhse ann chomh maith.
Tá eolas an bhealaigh agaibh go dtí an áit a bhfuil mé ag dul.’
Dúirt Tomás leis: ‘A Thiarna, níl fhios againn cá bhfuil tú ag dul, agus cén chaoi a mbeadh eolas an bhealaigh againn?’ Dúirt Íosa leis:
‘Is mise an Bealach, an Fhírinne agus an Bheatha.
Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach amháin tríomsa.
Má tá aithne agaibh orm-sa
tá aithne agaibh ar m’Athair chomh maith.
Uaidh seo amach tá aithne agaibh air agus tá sé feicthe agaibh.’
Dúirt Filib leis: ‘A Thiarna, spáin an tAthair dúinn
agus beidh muid sásta.’ Dúirt Íosa leis,
‘Bhfuil mé an t-achar seo in éineacht libh, a Filip, agus gan aithne agat fós orm? Aonduine a bhfuil mise feicthe aige, tá an tAthair feicthe aige. Tuige, mar sin, a n-abraíonn tú, “Spáin an tAthair dúinn”? An é nach gcreideann tú go bhfuil mise san Athair agus an tAthair ionamsa?
An méid a labhraím-se libh, ní uaim fhéin é;
ach an tAthair atá ina chónaí ionam, bíonn sé ag obair leis.
Creidigí uaimse go bhfuil mé san Athair agus an tAthair ionam;
sin nó creidigí mar gheall ar na h-oibreacha iad fhéin.
Go deimhin fhéin, tá mé ag rá libh, an té a chreideann ionam
déanfaidh sé na h-oibreacha a dhéanaim,
agus oibreacha is mó ná iad, mar go bhfuil mé ag dul go dtí an tAthair.’
Soisceál Dé

