AN DARA DOMHNACH DEN CHÁISC A

Sliocht as Gníomhartha na nAspal – 2:42-47

D’fhan an comhluadar ar fad dílis do theagasc na n-aspal, don chumann a bhí eatarthu, do bhriseadh an aráin agus do na paidreacha.  Na míorúiltí agus na h-iontaisí go leor a rinne na h-aspail, chuadar i gcionn go mór ar chuile dhuine.  Bhí lucht an chreidimh uileag le chéile, agus iad ag roinnt chuile shórt eatarthu; dhíolaidís a raibh acu agus roinnidís amach a luach ar chuile dhuine, de réir mar a bhí ganntanas ar aon duine.  Chaitheadar go leor ama san teampall ó lá go lá, agus bhídís ag briseadh aráin sna tithe ag a chéile.  D’itheadar a gcuid go h-áthasach agus go flaithiúil, ag moladh Dé, agus gean an phobail uileag orthu.  Agus ó lá go lá chuir an Tiarna leo iad seo a bhí le slánú.

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as céad litir N. Peadar – 1:3-9

Moladh le Dia, Athair ár dTiarna Íosa Críost. 

De bharr a mhór-thrócaire tá muid beirthe as an nua arís isteach i ndóchas beo,

agus oidhreacht curtha ar fáil dúinn atá buan, gan smál, gan tréigean,

oidhreacht atá coinnithe daoibh sna flaithis.

Trí chreideamh, tá cumhacht Dé ag tabhairt aire daoibh

le h-aghaidh slánú a dtabharfar fios air san aimsir dheire.

Is údar mór áthais é seo daoibh,

fiú amháin má b’éigean daoibh cur suas le trioblóidí ar feadh tamaill bhig faoi láthair.

Sé an chaoi a bhfuil tríáil á bhaint as mianach bhur gcreidimh

(creideamh ar fiú níos mó é ná an t-ór nach maireann, ach a thástáiltear san tine),

agus beidh an creideamh sin ina údar molta agus glóire agus onóra agaibh

nuair a spáinfear Íosa Críost.

Cé nach bhfaca sibh é, thug sibh grá dó.

Agus cé nach bhfeiceann sibh anois é, creideann sibh ann,

agus ní féidir cur síos ar an áthas iontach atá oraibh,

mar tá sibh ag fáil luach saothair bhur gcreidimh, slánú bhur n-anama.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin – 20:19‑31

Tráthnóna, an lá céanna sin, an chéad lá den t-seachtain, bhí na doirse faoi ghlas ar an teach a raibh na deisceabail cruinnithe ann, le faitíos roimh na Giúdaí.  Tháinig Íosa agus sheas sé ina measc agus dúirt sé: ‘Síocháin daoibh.’  Tar éis an méid sin a rá, spáin sé a lámha agus a thaobh dóibh.  Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic said an Tiarna.  Dúirt Íosa leo arís: ‘Síocháin daoibh.  Mar a chuir an t-athair uaidh mise, tá mise do bhur gcur sibh-se uaim’.  Nuair a bhí sin ráite aige, shéid sé a anáil orthu agus dúirt sé leo: ‘Glacaigí an Spiorad Naomh.  An té a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh said maite.  An té a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh said coinnithe.’

Tomás, duine den dáréag, a dtugtaí an Leathchúpla air, ní raibh sé in éindigh leo nuair a tháinig Íosa.  D’inis na deisceabail eile dó: ‘Chonaic muid an Tiarna’.  Ach dúirt seisean leo: ‘Mara bhfeicfidh mé lorg na dtairní ina lámha, agus mo mhéar a chur i lorg na dtairní, agus mo lámh ina thaobh, ní chreidfidh mé.’  Seachtain ina dhiaidh sin, bhí na deisceabail sa teach arís, agus bhí Tomás in éineacht leo.  Cé go raibh na doirse dúnta, tháinig Íosa agus sheas sé ina measc agus dúirt sé: ‘Síocháin daoibh’.  Ansin dúirt sé le Tomás: ‘Cuir do mhéar anseo agus breathnaigh ar mo lámha.  Sín anall do láimh agus cuir i mo thaobh í.  Ná bí amhrasach ach creid.’  D’fhreagair Tomás: ‘Mo Thiarna agus mo Dhia!’  Dúirt Íosa leis: ‘Ar chreid tú mar go bhfaca tú mé?  Is beannaithe iad seo nach bhfaca agus a chreideann.’  Anois, bhí go leor iontaisí eile a rinne Íosa os comhair a dheisceabail nach bhfuil scríofa sa leabhar seo.  Ach scríobhadh iad seo le go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Críost, Mac Dé, agus trí creidiúint ann go mbeadh sibh beo ina ainm.

Soisceál Dé