Sliocht as leabhar Exodus – 17:3-7.
Bhí an-tart ar na daoine, agus bhíodar ag casaoid ar Mhaois. ‘Tuige ar thug tú amach as an Éigipt muid?’ a deir siad. ‘Le muid fhéin, ár gclann agus ár gcuid beithigh a chur chun báis le tart, an ea?’ Ghlaoigh Maois ar an Tiarna. ‘Céard a dhéanfaidh mé leis an bpobal seo?’ a deir sé. ‘Maróidh siad le clocha mé, an chéadrud eile.’ Dúirt an Tiarna le Maois, ‘Tabhair leat cuid de thaoisigh Israel, gabhchun tosaigh ar na daoine, téigh agus tabhair leat i do láimh an tslat ar bhuail tú an abhainn léi. Beidh mise romhat ar an gcarraig ag Hóreb. Tabhair buille don charraig agus rithfidh uisce amach aiste, a bheidh le n-ól ag na daoine.’ Rinne Maois sin, os comhair thaoisigh Israel. Thug sé Measa ar an áit, agus Meriba, de bharr mhuintir Israel bheith ag achrann agus ag cur tríáil ar an Tiarna, a rá: ‘Bhfuil an Tiarna linn nó nach bhfuil?
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh – 5:1-2, 5-8
A chairde mo chléibh, ó tá muid curtha inár gceart ag an gcreideamh, tá síocháin idir muid fhéin agus Dia trínár dTiarna Íosa Críost, mar is tríd atá fáil againn ar an ngrásta seo a bhfuil muid ann. Agus is ábhar mórála dúinn an dóchas atá againn go bhfuil glóire Dé i ndán dúinn. Ní chliseann an dóchas orainn, mar tá ár gcroí líonta le grá Dé ag an Spiorad Naomh a tugadh dúinn. Nuair a bhí muid fós lag, fuair Críost bás ar son drochdhaoine ag an am a bhí ceaptha. Cé go mb’fhéidir go mbeadh duine sásta bás a fháil ar son deá-dhuine, is corr-uair a fhaigheann aonduine bás ar son deá-dhuine fhéin. Ach tugann Dia cruthúnas ar an ngrá atá aige dúinne sa méid go bhfuair Críost bás ar ár son nuair a bhí muid fós inár bpeacaigh.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin – 4:5-15, 19-26, 39-42
Tháinig Íosa go dtí baile i Samaria a dtugtar Sicar air, in aice leis an bpíosa talúna thug Jacob dá mhac Seosamh. Tá tobar Jacob ann, agus ó bhí Íosa tuirseach ón aistir, shuigh sé ag an tobar. Timpeall meán-lae a bhí ann. Tháinig bean de mhuintir Samaria ag tarraingt uisce, agus dúirt Íosa léi, ‘Tabhair dom deoch.’ (Bhí a chuid deisceabail imithe isteach sa mbaile le beatha a cheannacht). Dúirt an bhean as Samaria leis, ‘Nach aisteach go bhfuil tusa, ar Giúdach thú, ag iarradh deoch orm-sa, bean de mhuintir Samaria?’ (Ní mheascann Giúdaigh le muintir Samaria). D’fhreagair Íosa í, ‘Dá mbeadh eolas agat ar bhronntanas Dé,’ a deir sé, ‘agus cé atá ag rá leat, “Tabhair dom deoch,” is tusa a bheadh ag iarradh airsean, agus thabharfadh sé uisce beo duit.’ ‘Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,’ a deir an bhean leis, ‘agus tá an tobar domhain. Cá as, mar sin, a bhfaighfeá an t-uisce beo seo? An amhlaidh gur mó le rá thú ná ár n-athair Jacob a thug an tobar seo dúinn, agus a d’ól as, é fhéin agus a chlann agus a chuid beithigh?’ Dúirt Íosa léi, ‘Chuile dhuine a ólfaidh an t-uisce seo, beidh tart arís air. Ach iad seo a ólfaidh an t-uisce a thabharfaidh mise dóibh, ní bheidh tart orthu choidhchin. An t-uisce a thabharfaidh mé uaim, déanfar tobar beo de istigh iontu, ag brúchtaíl aníos go beatha shíoraí.’ ‘A dhuine uasail,’ a deir an bhean leis, ‘tabhair dom an t-uisce seo le nach mbeidh tart orm choidhchin.’…Dúirt sí leis, ‘Feicim, a dhuine uasail, gur fáidh thú. Thug ár sinsir ómós do Dhia ar an sliabh seo, ach deir sibhse gur i Jerusalem is ceart ómós a thabhairt.’ Dúirt Íosa léi, ‘Creid uaimse é, a bhean, go bhfuil an uair ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná i Jerusalem a thabharfaidh sibh ómós don Athair. Tugann sibhse ómós don rud nach bhfuil aon eolas agaibh air; tugann muide ómós don rud a bhfuil eolas againn air, mar is ó na Giúdaigh an slánú. Ach tá an uair ag teacht, agus is anois fhéin é, nuair, na daoine a bheidh ag déanamh ómóis mar is ceart, go dtabharfaidh siad ómós don Athair i spioraid agus i bhfírinne, mar sin iad an sórt atá an tAthair ag iarradh le ómós a thabhairt dó. Is spiorad é Dia, agus an dream a thugann ómós dó, caithfidh siad ómós a thabhairt dó i spioraid agus a i bhfírinne.’ Dúirt an bhean leis, ‘’Tá fhios agam go bhfuil an Messiah ag teacht, an Críost. Nuair a thiocfaidh seisean, inseoidh sé chuile shórt dúinn.’ Dúirt Íosa léi, ‘Is mise é, atá ag caint leat.’ Go leor de mhuintir Samaria a bhí ar an mbaile sin, chreid siad ann de bharr fhianaise na mná. Nuair a tháinig siad go dtí é, mar sin, d’iarradar air fanacht acu, agus d’fhan sé dhá lá ann. Agus chreid go leor eile ann de bharr an méid a bhí le rá aige leo. Dúirt siad leis an mbean, ‘Ní mar gheall ar an méid a dúirt tusa a chreideann muid níos mó, mar tá sé cloiste againn muid fhéin, agus tá fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an tsaoil.’
Soisceál Dé

