Sliocht as leabhar Sirac – 15:15-20
Tá tú in ann na h-aitheanta a choinneáil má thograíonn tú é,
tá tú in ann bheith dílis más sin é atá uait.
Chuir sé tine agus uisce os do chomhair amach:
sín amach do lámh go dtí cé acu is fearr leat.
Tá saol agus bás os comhair chuile dhuine,
agus cé ar bith cé acu a phiocann sé, sin é a bheidh le fáil aige.
Mar is mór í tuiscint an Tiarna;
tá sé cumhachtach cumasach agus feiceann sé chuile shórt;
coinníonn sé súil orthu seo a bhfuil ómós acu dó,
ní dhéanann an duine aon cheo i n-gan fhios dó.
Níor ordaigh sé droch chroí d’aon duine riamh, ná níor cheadaigh sé d’aon duine peaca a dhéanamh.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Coirintigh – 2:6-10
A chairde mo chléibh, tá críonnacht ag baint linne nuair a bhíonn muid ag labhairt leis na daoine a bhfuil ciall acu, cé nach í críonnacht na linne seo í ná críonnacht an dream atá i gceannas na linne seo, dream a bhfuil an t-imeacht orthu. Ach sí críonnacht Dé atá i gceist againn, críonnacht atá faoi rún agus i bhfolach, agus a d’ordaigh Dia roimh thús aimsire le go mbeadh an ghlóire againne. Níor thuig aon duine de lucht ceannais na linne seo an méid seo, mar dá dtuigfeadh, ní chéasfaidís Tiarna na glóire. Ach mar atá scríofa,
‘Rudaí nach bhfaca súil, ná nár chuala cluas,
ná nár chuimhnigh croí an duine orthu amháin,
siad atá réitithe ag Dia dóibh seo a bhfuil grá acu dó’ – sin iad na rudaí a d’inis Dia dúinne tríd an Spiorad; mar scrúdaíonn an Spiorad chuile shórt, fiú doimhneachtaí Dé fhéin..
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 5:20-22,27-28,33-34,37
Dúirt Íosa, ‘Tá mé ag rá libh, mara mbeidh sibh níos cirte ná na scríobhaithe agus na Fairisínigh, ní ghabhfaidh sibh isteach i ríocht Dé choidhchin. Chuala sibh go raibh sé ráite leis an dream fadó, “Ná déan marú”; agus “aon duine a dhéanann marú, tabharfar breithiúnas air.” Ach tá mise ag rá libh, má bhíonn olc ort le deartháir nó deirfiúr, go dtabharfar breithiúnas ort. Chuala sibh go raibh sé ráite, “Ná déan adhaltranas.” Ach tá mise ag rá libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean go drúisiúil, go bhfuil adhaltranas déanta aige léi cheana fhéin ina chroí. Arís, chuala sibh go raibh sé ráite leis an dream fadó, “Ná sáraigh do mhionna, ach coinnigh na mionnaí a thug tú don Tiarna.” Ach tá mise ag rá libh, ná bígí ag mionnú chor ar bith. Abraigí “Sea, sea”, nó “Ní h-ea, ní h-ea”; aon cheo thairis sin, is ón Droch-Rud a thagann sé.’
Soisceál Dé

