Sliocht as leabhar Isaiah fáidh – 25:6-10
Ar an gcnoc seo réiteoidh Tiarna na Slua
féasta de thogha na beatha do na ciníocha uileag;
féasta den fhíon is fearr,
de thogha agus rogha na beatha agus de scoth na bhfíonta.
Ar an sliabh seo crochfaidh sé chun bealaigh
an t-éadach caointe atá ar na ciníocha,
bráithlín an bháis atá scartha os cionn mhuintir an domhain;
fágfaidh sé an bás criogtha go deo.
Ansin glanfaidh Tiarna na Slua na deora de chuile éadan,
crochfaidh sé chun bealaigh náire a mhuintire chuile áit ar domhan,
mar sin é atá ráite aige.
Déarfar an lá sin: breathnaigh, seo é ár nDia;
bhí muid ag fanacht leis le go sábhálfadh sé muid.
Seo é an Tiarna a raibh súil againn leis;
bíodh áthas agus ríméad orainn gur shlánaigh sé muid.
Mar beidh lámh Dé ar an gcnoc seo.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as litir N. Pól chuig na Filipigh – 4:12-14, 19-20
A chairde mo chléibh, tá cleachta agam bheith ar an mbeagán, agus tá cleachta agam ar neart a bheith agam. Tá sé foghlamta agam a bheith sách nó a bheith ocrach, ar neart a bheith agam nó bheith ar an nganntan, is cuma cá bhfuil mé. Tá mé in ann ag chuile shórt le cúnamh an Té sin a thugann spreagadh dom. Mar sin fhéin, ba mhaith uaibh roinnt liom ar uair na trioblóide. Agus tabharfaidh mo Dhia daoibh, in Íosa Críost, gach a dteastaíonn uaibh de réir na flaithiúlachta is dual dó. Moladh go deo le Dia, ár nAthair. Ámén.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha – 22:1-14
Dúirt Íosa leis na príomh-shagairt agus le ceannairí an phobail: ‘D’fhéadfaí ríocht Dé a chur i gcosúlacht le rí a rinne bainis dá mhac. Chuir sé amach a chuid searbhóntaí le fios a chur orthu seo a raibh cuireadh faighte acu chuig an mbainis, ach ní thiocfaidís. Chuir sé tuilleadh searbhóntaí chucu ansin. “Abraigí leosan a fuair cuireadh”, a deir sé, ‘Breathnaigí, tá an dinnéar réitithe agam, tá mo chuid beithigh agus gamhna maraithe, agus chuile shórt faoi réir; tagaigí chuig an mbainis.’” Ach ní raibh suim ar bith acu ann, ach imeacht leo, duine go dtí an fheilm a bhí aige, duine eile ag díol agus ag ceannacht, agus an chuid eile acu, rug siad ar a chuid seirbhísigh, thug siad droch-íde orthu agus mharaigh siad iad. Bhí an rí spréachta. Chuir sé amach a chuid saighdiúirí, rinne sé scrios ar na dúnmharaitheoirí, agus las sé an baile orthu. Ansin dúirt sé lena chuid searbhóntaí, “Tá an bhainis faoi réir, ach an dream a fuair cuireadh, níorbh fhiú iad é. Téigí amach, mar sin, sna sráideanna, agus tugaigí cuireadh chuig an mbainis do chuile dhuine a fhéadfaidh sibh a fháil.” Chuaigh na seirbhísigh amach sna sráideanna, agus bhailíodar gach a bhfuaireadar, maith agus olc, nó go raibh halla na bainise lán de chuideachta.
Soisceál Dé

