Fáilte go Paróiste Bhearna & na bhForbacha
Information / Sonraí
- Parish Priest / Sagart Paróiste: an t-Ath Micheál Ó Braonáin
- Mobile: 086-8338878 / Email: miclbrennan3@gmail.com
- Parish Secretary:Joan Concannon 087-2138999
- Parish Office/Oifig an Paróiste: (091)590956 10am-2pm, Mon-Fri
- Radio FM 106.6 (signal not available in every part of the parish).
- Barna live broadcast: https://www.churchtv.ie/barna/
- Furbo live broadcast: https://www.churchtv.ie/furbo/
- Readings: click here for today; click here for next Sunday
- Léachtaí as Gaeilge - an lá inniu; an Domhnach
- Adoration page (Blessed Sacrament and Mary Immaculate Queen prayer). Also galleries of Bearna Church,& Séipéal Réalt na Mara.
- Prayers (click here) and Poem Reflections click here.
- Accord Catholic Marriage Care Service.
Diocese of Galway, Kilmacduagh & Kilfenora
AN SÉÚ DOMHNACH DEN CHÁISC B
Sliocht as Gníomhartha na nAspal – 10:25-26,
34-35, 44-48
Nuair a tháinig Peadar, chuaigh Cornelius amach roimhe agus chaith sé é fhéin ag a chosa ag tabhairt ómóis dó. Ach chuir Peadar faoi ndeara dó éirí, ag rá, ‘Seas suas, níl ionam-sa ach duine daonna.’ Ansin thosaigh Peadar ag caint leo. ‘Tuigim-se go maith’, a deir sé, ‘nach bhfuil fabhar ar bith ag Dia do dhaoine thar a chéile, ach i chuile thír tá glacadh aige le aonduine a bhfuil ómós acu dó agus a dhéanann an rud ceart.’ Agus é fós ag caint, tháinig an Spiorad Naomh anuas ar gach a raibh ag éisteacht leis an mbriathar. Giúdaigh a raibh an creideamh acu agus a tháinig in éineacht le Peadar, bhí an-iontas orthu gur doirteadh grásta an Spioraid Naoimh amach ar na ciníocha iad fhéin, mar chuala siad iad ag caint i dteangacha agus ag moladh Dé. Ansin dúirt Peadar, ‘An bhfuil aonduine in ann uisce an bhaiste a choinneáil ó na daoine seo a bhfuil an Spiorad Naomh faighte acu chomh maith linne?’ Agus d’ordaigh sé iad a bhaisteadh in ainm Íosa Críost. Ansin d’iarr siad air fanacht acu seal laethanta.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as céadlitir N. Eoin - 4:7-10
A chlann ó, tugadh muid grá dhá chéile, mar is ó Dhia an grá. An té a thugann grá, is ó Dhia é agus tá eolas aige ar Dhia. An té nach dtugann grá, níl aon eolas aige ar Dhia, mar sé Dia an grá. Spáineadh grá Dé dúinn ar an mbealach seo, gur chuir Dia a aon-Mhac fhéin ar an saol le go mairfeadh muid tríd. Seo é an grá, ní gur ghráigh muide Dia ach gur ghráigh seisean muid, agus gur chuir sé a Mhac uaidh le bheith ina íobairt ag déanamh cúitimh inár bpeacaí.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin – 15:9-17
Dúirt Íosa lena dheisceabail:
‘Mar a thug an tAthair grá domsa,
thug mise grá daoibhse chomh maith.
Fanaigí i mo ghrá.
Má choinníonn sibh mo chuid aitheanta,
fanfaidh sibh i mo ghrá,
díreach mar a choinnigh mise aitheanta mAthar,
agus a fhanaim ina ghrá.
Dúirt mé na rudaí seo libh
le go mbeadh mo chuid áthais ionaibh,
agus go mbeadh bhur gcuid áthais ag cur thar maoil.
Seo í m’aithne:
go dtabharfadh sibh grá dá chéile
mar a thug mise grá daoibh.
Níl grá ag aonduine níos mó ná seo,
go dtabharfash duine a shaol ar son a chairde.
Is sibhse mo chairde-se
má dhéanann sibh a n-ordaím daoibh.
Níl mé ag tabhairt searbhóntaí oraibh níos mó,
mar ní fios don searbhónta gnaithe a mháistir.
Ach thug mé cairde oraibh,
mar gach ar chuala mé ó mAthair,
d’inis mé daoibh é.
Níor phioc sibhse amach mise,
ach phioc mise amach sibhse,
agus cheap mé sibh le dul agus toradh a thabhairt,
toradh a mhairfidh,
le go dtabharfaidh an tAthair daoibh
cé’r bith céard a iarrfaidh sibh air i mo ainm-se.
Seo iad mo chuid aitheanta daoibh:
grá a thabhairt dá chéile.’Soisceál
Dé.