An Tríú Domhnach Fiched Saor A

Sliocht as leabhar Ezekiel fáidh – 33:7-9

Tháinig briathar an Tiarna chugam: ‘A mhic an duine,’ a deir sé, ‘tá tú curtha ar garda agam ar mhuintir Israel; aon uair a chloiseann tú focal as mo bhéal-sa, cuir fainic orthu uaim. Má abraim le drochdhaoine, “Ó a dhrochdhaoine, caillfear sibh go cinnte”, agus nach gcuireann tusa fainic orthu iompú ó bhealach a n-aimhleasa, gheobhaidh na drochdhaoine sin bás ina gcuid peacaí, ach deirim-se leat gur ortsa a bheidh a gcuid fola. Ach má chuireann tú fainic ar na drochdhaoine iompú ó bhealach a n-aimhleasa agus nach n-iompaíonn siad, caillfear iad ina gcuid peacaí, ach sábhálfaidh tusa thú fhéin.’

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh – 13:8-10

A chairde mo chléibh, ná bígí i bhfiacha le aonduine, ach amháin i bhfiacha an ghrá dá chéile; mar an té a thugann grá dá chomharsa, tá an Dlí comhlíonta aige. Na h-aitheanta, ‘Ná déan drúis,’ ‘ná déan marú,’ ‘ná déan goid,’ ‘ná bí santach,’ agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu uileag sa ráiteas, ‘Gráigh do chomharsa mar thú fhéin.’ Ní dhéanann an grá aon dochar don chomharsa; mar sin, sé an grá comhlíonadh an Dlí.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 18:15-20

Dúirt Íosa lena dheisceabail, ‘Má dhéanann duine den chomhluadar rud eicínt ort, téigh agus cas leis é nuair nach bhfuil ann ach an bheirt agaibh. Mé éisteann sé leat, tá an té sin tugtha leat agat. Ach mara n-éistfear leat, tabhair leat duine nó beirt eile, le go mbeadh fianaise ar chuile fhocal ó bheirt nó triúr. Mara n-éisteann an duine leosan, inis don chomhluadar é; agus mara n-éisteann an té a bhí as bealach leis an gcomhluadar fhéin, bíodh a leithéid de dhuine mar bheadh págánach nó bailitheoir cánach agat. 

Go deimhin fhéin, tá mé ag rá libh, cé ar bith céard a cheanglaíonn sibh ar talamh, beidh sé ceangailte ar neamh, agus cé ar bith céard a scaoileann sibh ar talamh, beidh sé scaoilte ar neamh. Agus tá mé ag rá libh freisin, má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon intinn faoi rud ar bith a iarann sibh, beidh sé le fáil agaibh ó m-Athair atá ar neamh. Mar san áit a bhfuil beirt nó triúr bailithe le chéile i m’ainm-se, tá mise ann ina measc.’

Soisceál Dé