Sliocht as céad leabhar na Ríthe – 19:9, 11-13
Nuair a bhí Hóreb, sliabh Dé, sroichte ag Elija, chuaigh sé isteach in uachais agus chaith sé an oíche inti. Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige agus dúirt sé leis, ‘Gabh amach agus seas ar an sliabh os comhair an Tiarna, mar tá an Tiarna le dul thart.’ Tháinig stoirm ghaoithe chomh láidir is go raibh sí ag réabadh na sléibhte agus ag déanamh smidiríní de na clocha roimh an Tiarna, ach ní raibh an Tiarna sa stoirm. Agus tar éis na stoirme tháinig crith talún, ach ní raibh an Tiarna sa gcrith talún. Agus tar éis an chrith talún, tine, ach ní raibh an Tiarna sa tine. Agus tar éis na tine, fuaim mar a bheadh sé ina chiúnas amach is amach. Nuair a chuala Elija é seo, chlúdaigh sé a éadan lena chlóca agus amach leis agus sheas sé ag béal na h-uachaise.
Sin é Briathar Dé.
Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh – 9: 1-5
A chairde mo chléibh, tá mé ag déanamh na fírinne, i gCríost – níl smid bhréige ann, mar tá mo choinsias á rá liom san Spiorad Naomh: tá mé fíor-bhrónach go deo agus mo chroí dubh i gcónaí. Mar níor mhiste liom mallacht a bheith orm fhéin agus mé bheith gearrtha amach ó Chríost, ar mhaithe le mo mhuintir, an chuid eile díom fhéin. Is de bhunú Israel iad, agus is dóibh is dual a bheith ina gclann ag Dia; is leo an ghlóire agus na socraithe a rinneadh, an Dlí, adhradh Dé agus na gealltanais; is leo na sinsir móra-le-rá a bhí ann fadó riamh, agus is uatha an Críost sa méid gur duine é, an té atá ina Dhia os cionn chuile shórt, moladh go deo leis. Ámén.
Sin é Briathar Dé
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Maitiú – 14: 22-33
San am sin chuir Íosa faoi ndeara do na deisceabail dul ar bord agus dul sall go dtí an taobh eile, an fhad a bheadh sé fhéin ag scaoileadh an phlód daoine abhaile. Agus nuair a bhí sé tar éis scaoileadh leo, chuaigh sé suas an cnoc leis fhéin le dul ag guive. Nuair a tháinig an tráthnóna, bhí sé ansin leis fhéin, ach faoin am seo bhí an bád i bhfad amach agus á tuairteáil ag na tonntracha, mar bhí an ghaoth ina n-aghaidh. Agus i ndeire na h-oíche tháinig sé ag siúl go dtí iad ar an loch. Ach nuair a chonaic na deisceabail é ag siúl ar an loch, bhíodar líonraí. ‘Taibhse atá ann,’ a deir siad, agus ghlaoigh siad amach leis an bhfaitíos. Ach labhair Íosa leo ar an bpointe: ‘Bíodh misneach agaibh,’ a deir sé, ‘is mise atá ann; ná bíodh faitíos oraibh.’ D’fhreagair Peadar é, ‘A Thiarna,’ a deir sé, ‘más tú atá ann, abair liom teacht chomh fada leat ar an uisce.’ Dúirt Íosa, ‘Tar uait’. Chuaigh Peadar amach as an mbád, thosaigh sé ag siúl ar an uisce, agus é ag déanamh ar Íosa. Ach nuair a d’airigh sé chomh láidir is bhí an ghaoth, bhuail faitíos é; thosaigh sé ag dul síos agus ghlaoigh sé amach, ‘A Thiarna, sábháil mé!’ Shín Íosa amach a lámh ar an bpointe agus rug sé greim air. ‘Nach beag é do chreideamh, tuige ar tháinig amhras ort?’ a deir sé leis. Nuair a tháinig siad ar bord, thit an ghaoth. Agus iad seo a bhí sa mbád, d’umhlaigh siad síos os a chomhair, agus dúradar, ‘Go cinte, is tú Mac Dé.’
Soisceál Dé

