AN TRÍU DOMHNACH DEN CHÁISC A

Sliocht as Gníomhartha na nAspal – 2:14, 22-33

Lá Cincíse, agus Peadar ina sheasamh in éindigh leis an aon duine dhéag, labhair sé amach leis na daoine: ‘A fhearaibh Judea agus sibh-se uileag a bhfuil cónaí oraibh i Jerusalem, bíodh fhios agaibh é seo agus éistigí lena bhfuil mé ag rá.  Íosa as Nazaret, fear a bhfuair sibh deá-theist faoi ó Dhia leis na míorúiltí, iontaisí agus comharthaí a rinne Dia tríd in bhur measc, mar is eol daoibh fhéin – an fear seo a tugadh suas daoibh de réir mar bhí leagtha amach go cinnte, agus de réir mar bhí ar eolas ag Dia roimh ré, chéas sibh agus mharaigh sibh é trí dhaoine taobh amuigh den dlí.  Ach d’ardaigh Dia suas é, tar éis dó é a shaoradh ón mbás, mar nach raibh an bás in ann greim a choinneáil air.  Mar deir Dáithí faoi:

            “Chonaic mé an Tiarna i gcónaí os mo chomhair,

            mar tá sé ar an taobh deas díom le nach mbainfear cor asam;

            i ngeall air sin bhí áthas ar mo chroí

            agus an focal ríméadach ar mo theanga;

            mo cholainn í fhéin, mairfidh sí go muiníneach.

            Mar ní fhágfaidh tú m’anam i Hades,

            ná ní ligfidh tú don Té sin leat atá Naofa lobhadh a aireachtáil.

            Spáin tú bealaigh na beatha dom,

            agus líonfaidh tú le áthas mé i do láthair”.

A fhearaibh Israel, féadaim a rá libh gan amhras ar bith gur cailleadh ár n-athair Dáithí agus gur cuireadh é, agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.  Ós fáidh a bhí ann, bhí fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a chathaoir ríoga.  Ó bhí fios ag Dáithí air seo roimh ré, labhair sé faoi aiséirí Chríost, ag rá:

            “Níor fágadh i Hades é, ná níor airigh a cholainn lobhadh.”

Thóg Dia suas an Íosa seo, agus is fianaisithe muide uileag air sin.  Mar sin, ó tá sé ardaithe suas ar dheis Dé, agus ó fuair sé ón Athair an Spiorad Naomh a bhí geallta, dhoirt sé amach orainne é, agus seo é atá sibh a fheiceáil agus a chloisteáil.

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as céad litir N. Peadar – 1:17-21

A chlann ionúin, má ghlaonn sibh Athair ar an té a thugann breithiúnas gan fabhar ar chuile duine de réir mar a rinne siad, bígí ómósach agus bíodh scáth oraibh an fhad is atá sibh ar deoraíocht.  Tá fhios agaibh gur ceannaíodh sibh ó na bealaí gan tairbhe a d’fhág bhur sinsir agaibh, ní le rudaí a ídíonn cosúil le h-ór agus airgead, ach le fuil luachmhar Chríost, ar nós uan gan locht gan mharach.  Ceapadh eisean roimh ré, sul má bunaíodh an saol, ach tugadh fios air ag deire aimsire i ngeall oraibhse.  Trídseantá sibh tar éis  muinín a chur i nDia, a thóg ó na mairbh é agus a thug glóire dó, le go mbeadh creideamh agus muinín agaibhse i nDia.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Lúcás – 24:13-35

An lá sin, an chéad lá den tseachtain, bhí beirt de lucht leanúna Íosa ar a mbealach go dtí baile a raibh Emmaus air, seacht míle ó Jerusalem, agus bhíodar ag caint le chéile faoi gach a raibh tar éis tarlú.  Le linn dóibh bheith ag comhrá, theann Íosa é fhéin leo agus shiúil sé lena gcois, ach bhí a gcuid súile coinnithe le nach n-aithneoidís é.  Agus dúirt sé leo, ‘Céard faoi a bhfuil sibh ag caint le chéile agus sibh ag siúl an bhealaigh?’  Stopadar, agus iad ag breathnú brónach.  Ansin d’fhreagair duine acu é – Cleopas a bhí air – ‘An tusa an t-aon strainséir amháin i Jerusalem nach bhfuil ar an eolas faoi na rudaí a thit amach ann le laethanta?’  D’fhiafraigh sé díobh, ‘Cé na rudaí?’  D’fhreagraíodar, ‘Faoi Íosa as Nazaret, a bhí ina fháidh cumasach i ngach a ndearna sé agus ar dhúirt sé os comhair Dé agus os comhair na ndaoine uileag, agus an chaoi ar thug ár n-árdsagairt agus ár gcuid taoisigh suas é lena dhaoradh chun báis, agus chéasadar é.  Agus bhí muide ag súil gurb é a bhí le Israel a shaoradh.  Agus ní amháin sin, sé an tríú lá anois é ó thárla na rudaí sin.  Agus freisin, tá cuid de na mná a bhaineann linn taréis an-iontas a chur orainn.  Bhí siad ag an tuama go moch ar maidin inniu, agus nuair nach bhfuair siad a chorp ann, tháinig siad ar ais agus d’inis siad dúinn gur ‘spáin aingle iad fhéin dóibh a dúirt go raibh sé beo.  Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuaireadar chuile shórt díreach mar bhí ráite ag na mná, ach ní fhacadar é fhéin.’  Ansin dúirt sé leo, ‘Á, nach sibh atá seafóideach, agus nach roighin é an croí agaibh le gach a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!  Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na rudaí seo le go dtiocfach sé isteach ina ghlóire?’  Agus ag tosú le Maois agus leis na fáithe uileag, mhínigh sé dóibh na rudaí a bhí ráite faoi fhéin sna scríbhinní naofa uileag.  Nuair a tháinig siad gar don bhaile a raibh siad ag dul ann, bhí sé de chosúlacht air go raibh sé ag dul níos faide.  Ach chuadar go bog is go crua air á rá, ‘Fan againne, mar tá sé beagnach ina thráthnóna agus is gearr go mbeidh deire lae ann anois.’  Chuaigh sé isteach, mar sin, le fanacht acu.  Nuair a bhí sé ag bord in éindigh leo, thóg sé arán, bheannaigh sé é agus bhris sé é, agus thug sé dóibh é. Ansin osclaíodh a súile agus d’aithníodar é, agus d’imigh sé as amharc uatha.  Dúirt siad le chéile, ‘Nach raibh ár gcroí trí lasadh istigh ionainn an fhad a bhí sé ag caint linn ar an mbealach agus é ag míniú na scríbhinní naofa dúinn?’  Ag an bpointe céanna sin, d’éirigh siad agus chuaigh siad ar ais go Jerusalem, agus fuair siad an aon duine dhéag agus a gcuid compánaigh bailithe le chéile, agus é de scéal acu: ‘Tá an Tiarna éirithe go deimhin, agus spáin sé é fhéin do Shíomón!’  Ansin d’inis siad céard a tharla ar an mbealach, agus an chaoi ar aithnigh siad é i mbriseadh an aráin.

Soisceál Dé