Leachtaí: An Dara Domhnach Saor A

Sliocht as leabhar Isaiah fáidh – 49:3, 5-6.

Dúirt an Tiarna liom: ‘Is tú mo shearbhónta, Israel;

is tríot a thabharfar glóire dom.’

Fuair mé onóir i súile Dé,

ba é mo Dhia mo neart.

Agus anois, tá an Tiarna tar éis labhairt,

an té a mhúnlaigh mé sa mbroinn le bheith i mo shearbhónta aige,

le Jacob a thabhairt ar ais chuige,

le Israel a chruinneál le chéile dhó:

‘Ní h-é do dhóthain a bheith i do shearbhónta agam

le treibheanna Jacob a ardú suas,

agus le gach a bhfuil fágtha de Israel a thabhairt ar ais;

ceapfaidh mé thú i do sholas do na náisiúin, le go sroichfidh mo shlánú colbha an domhain.’

Sin é Briathar Dé.


Sliocht as céad litir N. Pól chuig na Coirintigh – 1:1-3

Mise Pól, atá ceaptha ag Dia le bheith i mo aspal ag Íosa Críost,

agus ár ndeartháir Sastenés,

beannaíonn muid do eaglais Dé atá i gCorint,

do na daoine atá coisricthe in Íosa Críost,

a bhfuil cuireadh faighte acu bheith naofa,

chomh maith le chuile dhuine i chuile áit a ghlaonn ar ainm ár dTiarna Íosa Críost,

atá ina Thiarna orthusan agus orainne: grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

Sin é Briathar Dé


Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin – 1:29-34

Chonaic Eoin Íosa ag déanamh air, agus dúirt sé: ‘Seo é Uan Dé a thógann chun bealaigh peaca an domhain. Seo é an té ar dhúirt mé faoi: “Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tús áite aige orm, mar bhí sé ann romham.” Ní raibh aon eolas agam fhéin air, ach seo é an fáth ar tháinig mé ag baisteadh le uisce, le go spáinfí do Israel é.’ Agus thug Eoin fianaise: ‘Chonaic mé,’ a deir sé, ‘an Spiorad, mar cholm, ag teacht anuas ó na flaithis agus ag fanacht air.  Ní raibh aon eolas agam fhéin air, ach an té a chuir ag baisteadh le h-uisce mé, dúirt sé liom, “An té a bhfeicfidh tú an Spiorad ag teacht anuas agus ag fanacht air, sin é an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.”  Chonaic mé agus thug mé fianaise gurb é seo Mac Dé.’

Soisceál Dé